Skip to main content

Tá lúchair mhór ar Phobail le Chéile gur aontaigh Scoil Cholmcille páirt a ghlacadh i gcomórtas ealaíne na scoile i mbliana mar chuimhne ar Mhanús Mac Laifeartaigh nach maireann.

Is é téama an chomórtais ná ‘The Sky at Night’. (An Spéir san Óiche)

Thank you to Joe Ruddy and Special Days for their support of this special school art competition. Rosemary Grain and Joe Ruddy will be visiting Tory Island on Friday 24th February to present the prizes to the winners and all 24 pupils at Scoil Chomcille will receive a goody bag thanks to Special Days! The pictures were all fantastic. Maith Síbh uilig!

Ba as an Fhál Charrach do Mhanús Mac Laifeartaigh, a fuair bás ag aois 62 bliain i mí Feabhra 2017. Bhí aithne leathadach ar Mhanús ar fud a pharóiste dhúchais as a chuid díograis agus flaithiúlacht agus a chuid obair dheonach sa phobal.

D’obair Manús go deonach leis an togra Forbairt Pobail – Pobail le Chéile ar feadh 14 bliana. D’éirigh leis cliú agus cáil a bhaint amach sa bhliain 1991 nuair a rinne sé teagmháil trí Radió Amaitéireach le spásaire de chuid na Rúise (Sergei Krikalev), a bhí ar bord an stáisiúin spáis “Mir” (fad agus a bhí rudaí ag titim as a chéile sa bhaile – sa Rúis)

Choinnigh siad i dteagmháil ar feadh míonna fada agus d’éirigh leo na ceannlínte náisiúnta a bhaint amach sa nuacht.

Ag cur píosa eile leis an scéal, dúirt Manús é fhéin ina dhiaidh sin gur a gcairdeas ón Radió Amaitéireach a chur tús leis an scannán Éireannach sin “Mir Friends”.


Share This:

Share via
Copy link
Powered by Social Snap